
Ag teacht go hInis Oírr, 23-25 Bealtaine, 2008!
Tomás Mac Síomóin agus Louis de Paor
Éilís Ní Dhuibhne, Rachel Holstead, Liam Mac Cóil agus go leor leor eile!
Ealaín ar Oileán
In Inis Oírr ar an ndeireadh seachtaine deireanach de Bhealtaine gach bliain tugtar ealaíontóirí na Gaeilge le
chéile faoi scáth ‘Ealaín ar Oileán’ chun cíoradh a dhéanamh ar chrua-cheisteanna na healaíne. Deis iontach atá ann d’ealaíontóirí agus do phobal na Gaeilge aithne a chur ar ealaíontóirí eile agus plé a dhéanamh ar a n-ealaín.
Chomh maith le cainteanna foirmeálta ó na healaíontóirí cuirtear taispeántais ar bun agus coirmeacha ceoil.
Deis fresin é aithne a chur ar Inis Oírr álainn ghrianmhar!
|