Ealaín ar Oileán, Inis Oirr

Baile

Réamheolas

Clár 2008

2004 - 2007

Grianghraif

Inis Oírr

 

Ealaín na Gaeltachta

Foras na Gaeilge


Áras ÉannaInis Oírr & Áras Éanna

Suite ar imeallbhord an Atlantaigh, tá sé le maíomh ag Inis Oírr go bhfuil sí ar cheann de na pointí is faide siar san Eoraip. Tá sé le maíomh freisin go bhfuil an teanga a labhairtear ar an oileán ar cheann de na teangacha is sine san Eoraip. Is in Inis Oírr, faoi stiúir ag Barra de Bhaldraithe tá Áras Éanna, an t-aon ionad ealaíne sa nGaeltacht.

San ionad tá amharclann 70 suíochán, seomra comhdhála, caife, ionad taispeántais, agus árasán is stiúideo ealaíontóra (orthu siúd a d’oibrigh i stiúideo Áras Eanna go dtí seo tá na péintéirí Seán Ó Flaithearta, Pauline Cummins, Geraldine O’Reilly, Mick O’Dea, agus an drámadóir Paul Brennan). Is cuí, mar sin, gur ar Inis Oírr a thabharfaidh ealaíontóirí is scríbhneoirí a n-aghaidh sa mBealtaine chun ceiliúradh a dhéanamh ar ealaín na Gaeilge is na Gaeltachta.